School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 474
- XML “Scéal ar an bPúca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal ar an "bPúca"
Bhí bpúca ann fadó. Lá amháin chuaigh sé go dtí an gabha dubh agus dubhairt sé leis an teine a thabhairt do ar feadh tamaill go gcaithfeadh sé cosa nuadh do dhéanamh dhá capall bán. Do thug sé an teine dho. Do chuir sé a chapall isteach san teine nuair a thóg sé amach iad bhí cosa bréaghtha nua air. Bhí capall ag an ngabha agus ní raibh aon maith inti Do dhein sé an rud a dhein an bpúca ach nuair a chuaigh sé go dtí an tine airís bhí a chapall dóighte. Chuaidh sé go dtí an bpúca agus fuair an bpúca a chapall do. Lá eile tháinig an bpúca agus beirt chailleach aige. Chuir sé iad isteach 'san teine agus tháinig bean bréige amach. Lá amháin bhí bean an ghabha agus máthair an ghabha ag troid agus chuir sé iad isteach san teine agus
dhóigh siad. Chuaidh sé go dtí bpúca. Do fuair an bpúca an bheirt acu. Bhí dhá rígh in Éirinn an uair sin nár bhfhéidir do leigheas. Do leigheas an bpúca ceann acu. Cheap an gabha gur bhfhéidir leis an ceann eile a leigheas ach níor bhfhéidir leis. Do ghearr sé an ceann do'n rígh agus níor bhfhéidir leis é chur. Tháinig an bpúca agus chuir sé a cheann ar an rígh. Ní fhaca an púca ná an gabha a chéile riamh ó shoin.Seán ó Cinnéide
Fuair é seo ó Sheán Ó Curráin: Ath na gCeap, Abha na Scáil. i mbliadhna - 1937.
Feirmeoir Seán in aois a 70: Níor fhág a bhaile dúchais riamh. Gheobhaidh an scríobhnóir a thuille uaidh. Chuala Seán an scéal so agus scéalta eile os na seandaoine 'na bhaile, nuair a bhi óg.- Collector
- Seán Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Annagap, Co. Kerry