School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 465
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Uair amháin bhí fear ag cur cruithneachtan agus tháinig Íosa chuige agus dubhairt sé leis an bhfear go mbeadh an chruithneacht aibidh dá otagadh sé chúice amáireach.”
Uair amháin bhí fear ag cur cruithneachtan agus tháinigh Íosa chuige agus dubhairt Sé leis an bhfear go mbeadh an chruithneacht aibigh dá dtagadh sé chúice amáireach.
Do tháinigh an fear lá'r na mháireach,agus do bhí an chruithneacht aibigh. Annsan do thosnuigh sé ag buaint na cruithneachtan le corrán.
Bhí sé ag buaint ar feadh tamaill nuair tháinigh sgata Iúdach chuige ar thóir Íosa.Dubhairt an fear leo nách raibh fhios aige cá raibh Sé.
Ansan do chuir daradaol a cheann aníos, agus dubhairt sé go raibh Íosa i bhfolach i mball éigin. Agus do bhuail an fear an daradaol leis an gcorrán,agus'san áit gur bhuail sé an daradaol tá líne dhearg ar a dhrom ó shoin.(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Anascaul, Co. Kerry