School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 453

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 453

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 453
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean agus máthair a chéile i na gcómhnaidhe i Sráid Eóghain insan Daingean ábhar blianta ó shoin. Bhí an fear ag tuill iamh a págh ó fheirmeóir sa Daingean. Tháinig sé abhaile lá chun dhínnéir, agus cad a bhí ach an beirt bhean ag gol roimis. Diarraidh sé dhá bhean cad é an cúrsaí goil a bhí acu. ''Tá'', ar sí sin, ''nó ná fuil aon mhuirear orm.'' ''ach cad tá ort a sheana bhean'', ar sise, ''táimse ag gol'', ar sise, ''mar níl aon mhuirear orm.'' ''Mhuise ná leige Dia ná Muire agam sibh araon,'' Do rug sé ar mhála agus do bhuail sí ar a ghualainn é, ''beidh mé ag siubhal rómham de ló istoidhche go dtárlóchaidh amadán nó óinseach chómh mór libse liom.'' Do chuir sé dho síos a' tsráid, agus soir bóthar an Spágh, agus bóthar an Chonnrach ó thuaidh. An chéad baile a tárlaidh leis do loirg sé óstaidheacht mar bhí an oidhche ag teacht air, agus fuair sé é. Fuair sé greim le n'ithe agus do socruigheadh leabaidh sa chúinne fé, agus fuair sé saghas éigin bricfeasta ar maidin. Chuir sé dho agus máilín ar a ghualainn aige ag lorg déirce ó thig go tig. Lá ana fhuar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1384: The Husband Hunts Three Persons as Stupid as his Wife
    AT1450: Clever Elsie
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    AT1541: For the Long Winter
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    60
    Occupation
    Baintreach
    Address
    An Gabhlán Ard, Co. Kerry