School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 446

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 446

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 446
  3. XML “Seán a Chonaing”
  4. XML “Siobhán na nGeimhleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an fear seo 'na chómhnuidhe fadó i gCúl na gCupóg in aice le Abha na Scáil. Feirmeóir láidir a bheadh é go raibh féar ceithre mba déag aige agus bhí meas dá réir ag na daoine air
    Ní bhíodh aon aighneas na tuiteam amach idir na comharsain na gurb' é Seán agus an Sagart Pharóisde a socruighca é agus omós agus lúthgáir (luathgháird) am domhain rómpa, agus pé socrú a dheinidís chaithfeadh na h-aoinne bheith sásta leis. Ní bhíodh aon bhreitheamain eile acu an uair sin.
    Do thuit Seán sa tsaoghal agus chuaidh sé chun deire nó ná raibh ach dá bó aige, agus má dhein is beag duin éigin ó'n mbaile leis lá. "Dheara a Sheáin," ar seisean, "ní fheicim aoinne ag glaodhach ort chun aon tsocrú a dhéanamh anois." "Á níl" arsa Seán, "mar níl agam ach meabhair dá bó anois."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Siobhán na nGeimhleach
    Dhein fear óg darb' ainm O Muircheartaigh coir éigin agus b'éigin do dul ar a choimeád. Bhí an tóir 'na dhiaidh agus breab mór airgid le fághail ag aoinne a inneosadh do'n arm cá raibh sé le fághail. Ní fada a stadadh sé in aon áit. Do shiúbhail sé Uíbh Ráthach agus do tharla tráthnóna samhraidh agus é i nGleann Beithe gur ghaibh sé thar brághaid agus Siobhán na nGeimhleach agus a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry