School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 445

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 445

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 445
  3. XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bean de Mhuinntir Donnchadha ab'eadh í seo, agus máthair an chailín do lean an Muircheartach anall ó Ghleann Beithe go Ceann Árd.
    Thárla, tamall 'na dhiaidh sin go dtáinig Siobhán ag lorg a h-inghine. Fuair sí tuairisc sa deire go raibh sí i gCeann Árd. Bhí sí ag tarrac ar an áit sin agus dá chapall bhána fá'n gcóiste aici.
    Bhí an galar uathbhásach san an Cholera go fóirleathan i gCorca Dhuibhne an uair céadna. Bhí na bailtí leanas - Ceann Árd, Tobar na mBudan, Fotharach, Cam a' Lonndraig agus Áth a' Charabail - saor ón aicíd, mar bhíodar fá thearmain Naomh Fhionáin go bhfuil a thobar beannuighthe i mbaile fearainn Chinn Áird, agus bhíodh daoine ag bailiú isteach 'sna bailtíbh sin chun go raghaidís saor uaidh. B'é treo go dtáinig Siobhán fé dhéin Chinn Áird ná tré Dúnsíon aniar. Bhí an galar 'na fhuil aici sar ar srois sí an Tráigh Bheag. Fuair sí bás ar an dtaobh thiar de'n dtráig agus is ann a cuireadh í. D'á n-eireochadh léi gabhail thar an abhainn a ritheann tríd an dtraig nuair a bhíonn an tráig ann bheadh sé saor ó ghalar. Tá leac mhór fada os cionn a h-uaighe ar imeall na trágha agus cross gearrtha uirthe - "Leac Shiobhán na nGreimhleach."
    Deineadh cúpla iarracht ar an lic d'aistriú ach fuairtheas í san áit chéadna maidion lár na bháireach. Bean ana naomhta do bheadh Siobhán, agus thug sí ana chabhair do na bochtaibh i rith an droch-shaoghail.

    Micheál Ó Cinnéide, Na Dúnta, Liospóil
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Leac Shiobhán na nGeimhleach, Co. Kerry
    Informant
    Micheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry