School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 441
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sagart Pharóisde in Oileán Chiarraidhe fadó, an táthair Muiric Ach Gearailt. Do bhailigheadh sé airgead ag geata an tseipéil agus ní leigfí isteach aoinne ná díolfadh an t-airgead. Do bhuail Uilic Ó Céirín chuige Domhnach áirithe agus dubhairt:-
    "A Athair Mhuiris thuigis is do leighis a lán,
    Agus chuaidh thar tonntaibh fá thuiscint do chéile ghnáith,
    An bhfuair riamh duine gan scilling ná raol 'na láimh,
    Cead suidhe ná luighte i gcúirt clúthmhair Mhic Dé na nGrást.
    Má's airgead ghníos beannuithe na daoine ar fad,
    Dada de níl agamsa ná puinn im' theach,
    Tá Lazarus chómh taithneamhach ag an Rí atá ar neamh,
    Le hAllastrom a shealbhuig an righeacht ar fad.
    D'fhéac Uilic 'na thimcheall ansan ar an ngasra a bhí lasmuich de'n ngeata toisc gan an t-airgead a bheith acu le díol, agus dubhairt:-
    "Is díombhaidheach liom bochtáin ar thaobh an bhóthair,
    Agus fuacht ar a gcosaibh de dhíth bróga,
    Ag gearán a gcruadhchás leis an Rí glórmhar,
    Agus lucht sparán os cionn cáich 'na suidhe ar stólaibh."
    D'oscail an tAthair Muiris na geataí ansan agus dó leig na daoine isteach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Ghailleabháin
    Gender
    Female
    Age
    76
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry