School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 429
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    caithréimeach."Íosa na Naisiríneach Rí na nIudach" Maighdeanas Muire Mháthair coimirce na Naomh Aingeal, Eadarghuidhe na n-uile bhfíreán idir mé agus mo naimhde go léir, Istigh agus amuigh, Anois agus ar uair mo bháis, Amen.
    16. Ar fheiscint na Gréine:-
    A Dhia liom is Tú grian m'anamna, Agus is geal liom do shoillse. Grádhaim thú a sholuis siorruidhe. Tabhair dom radharc ar Soillse do Ghlóire.
    ----------------------------
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear fadó ann agus cailleadh a bean agus mí ón lá san do pós sé tar nais.

    Bhí fear fadó ann agus cailleadh a bhean agus mí ó'n lá san do phós sé thar nais. Tháinig a chéad bean cuige go dtí an leabaidh i lár na h-oidhche.
    Dubhairt sí leis an bhfear:-
    Dia's Muire dhuit a Thadhgach Shéamuis,
    Múscail as do chodladh agus tóg suas do ghéaga,
    Agus féach ormsa led' dhá shúil chlaona.
    Dubhairt an fear:-
    Dia's Muire dhuit a Shadhbh Ní Mhaonais,
    Mí is lá indiu a chuireas san cré thú,
    Tá d'anál fuar, agus tacharach déim tú,
    Agus níl fáil filleadh agat dtí lá na gcéadtaibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    An Gabhlán Ard, Co. Kerry