School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 423

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 423
  3. XML “Seanphaidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seana Phaidreacha
    A Mhic Mhuire na nGrást do cuireadh chun báis,
    Is d'fhulaing an bás pheannaideach,
    Do cheannuig síol áimh le h-allus do cnámha
    Fuil agus cneadha dearga.
    Freagair mé a ghrádh, beir m'anam i dtráth
    Go Parathas lán gradhamach,
    Ag caitheamh an tsóláis fhada dhíl bhreágh
    Idir Asboil is Ard Aingealaibh.
    Freagair mé a Chríost, mo chara mo chroidhe
    An charraig seo im' chroidhe corruig í,
    Is óm'dhearcaibh leig síos srutha aithríghe
    Go mbéarfas go crích flaithis mé.
    Mar is peacach mé a bhí sgannalach síor droch bheartach fíor mhalluithe,
    Mo bheart ar an saoghal cealgach claon
    Gangaireacht baoth do mhaitheamh dom.
    Níl le rádh, ach gainimh ar thráigh
    Ná drúcht ar bharr lasrach
    Na peaca le suim ar m'anam fóiríor
    Ceangailte im' chroidhe cealgaithe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Ághas
    Gender
    Female
    Age
    43
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Gleann na Mine Airde, Co. Kerry