School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 422
  3. XML “Baile na Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baile na Saor
    Troideadh cath anso roinnt blianta roimh ionnsuidhe Caisleán na Mináirde(1579). Bhí Sir Charles Wilmot ag creacadh na tíre roimis ar a thuras ó Chaisleán na Mainge go dtí an Daingean. Bhí a shaighdiúirí ag tiomáint na gcreach rómpa siar nuair do bhuail Ridire am Daingin leis ag Baile na Saor. Bhí saighdiúrí na háite seo ullamh chun catha, trí céad acu sa phortach inaice an bóthair agus roinnt eile ag cosaint an chaisleáin.
    Do theip ar na Sasanaigh na Gaedhil do ruagadh as an bportach, agus chuir Wilmot saighdiúirí ó dheas chun an chaisléain d'ionnsuidhe. Dhein sé an cleas
    so d'aon ghnó chun na Gaeidhil do mheallaidh as an mbogach mar bhí eagla ortha dul isteach ann. Níor éirigh leis é dhéanamh agus sa deire b'éigin do thabhairt fútha. Troideadh cath fada fíochmhar, marbhuigheadh alán Gaedheal, buadadh ortha, agis chuaidh Wilmot ar aghaidh idtreo an Daingin an lá na dhiaidh san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish