School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 421

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 421

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 421
  3. XML “Cill Mhuire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cill Mhuire: Baile beag é seo ar bhruach Bhágh an Daingin, taobh theas de'n scoil seo. Is ar thalamh Cill Mhuire atá Tobar Naomh Eoin baiste.(Féach leathanach 26) Bhí ceall nó séipéal ar an mbaile fadó(cúpla céad bliain ó shoin) agus é fá choimirce na maighdine Muire, ach níl rian de le feiscint anois.
    Bhí reilig ann leis agus tá sean fallaí na reilige nó píosaí díobh 'na seasamh fós. Níl ach an t-aon liontighe amháin i gCill Mhuire anois, agus dubhairt fer a' tighe, Seán Ó Dubháin, liom go bhfeacaidh sé féin leacacha na n-uaig agus clocha cinn sa pháirc nuair a bhíodar ag cur prátaí.. Bhí sea tioránach - Peeler Connor, 'na chómhnuidhe tamall sna Dúnta, trí fichid bliain ó shoin, agus d'arduig sé leis cuid des na leacacha i gcóir stáblaí &c.
    Deirtear go raibh capall ana bhreágh age' fear i gCill Mhuire fadó agus go raibh árd mheas ag a mháighistir air. Cailleadh an capall agus cad a dhein an feirmeóir ach é chur ins an reilig ar nós an duine. Ní nárbh iongnadh bhí muinntir na háite ar dhearg buile mar gheall ar an ghníomh aithiseach sin agus ón lá san amach níor cuireadh aoinne sa reilig igCill Mhuire. De réir béaloideas na h-áite d'aistrigeadh an reilig ó Chill Mhuire go dtí an Eaglais, sin míle slighe, ist oidhche t'reis an capall do bheith curtha ann.
    Bhí seacht dtighthe ar an mbaile seo in aimsir na Ghorta ach scaipeadh iad ansan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish