School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 299
  3. XML “Aimsir an Ghorta”
  4. XML “Jackey the Lantern”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chun braon bainne d'fhágailt. Tráthnóna amháin tháinig bean bhocht agus leanbh ocrach léi ag triall ar bhraon bhainne. Dubhairt an cailín aimsire ná raibh braon bhainne acu go dtí go mbeadh na ba crúidhte. Thóg bean a' tighe an stán ó'n mnaoi bhoicht, chuaidh sí amach agus thóg an cipín de dhrollach an uachtair agus thug do'n mhnaoi an méid a tháinig chúiche. An maidion 'na dhiaidh san bhí gach árus i dtigh an bhainne lán do bhainne. Míorbhúilt a b'eadh é mar bhí Dia buidheach di.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Jackey the Lantern
    Bhí fear ann fadó agus ba mhór an seódh é chun cártaí d'imirt. Tháinig an diabhal uair chun imirt leis ar choinghioll go raghadh Seán go h-iofrann leis dá mbuafadh an seana bhuachaill air. Bhí Seán sásta mar cheap sé gur aige féin a bheadh an buadh, ach ní mara síltear a bhítear mar do chaill Seán.
    Tháinig an diabhal maidion lár na mháireach chun Seán a bhreith leis, agus mála leathair aige chun é chur isteach ann. Bhí crann ubhall ag fás inaice an tighe agus an fhaid a bhí sé ag feitheamh le Seán do ghoid an diabhal ubhall as. Ceangaluigheadha a lámh leis an gcrann, ansan rug Seán air agus chuir sé an diabhal isteach sa mhála. Mara bhfuair an diabhal bataráil ansan ní lá fós é. Do gheall sé do Sheán dá sgaoilfeadh sé leis ná beadh aon bhaint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    95
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gleann na Mine Airde, Co. Kerry