Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Naomh Mártain”
  4. XML “Naomh Mártain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chun fuil ainmhidhe do dhortadh in onóir N. Mártain.
    "Mise Naomh Mártain", arsa an marcach agus "tair ar mo chúlaibh agus bhéarfad abhaile tu. Níor mhór an mhoill a bhí ortha nuair a buaileadh an fear síos ag béal a dhorais féin ins an Leiriúg.
    'Ní chreidfidh aoinne mé' ars' an fear gurbh é Naomh Mártan a thug abhaile mé."
    'Fágfadsa comhartha agat' ars' an marcach.
    D'iompuig sé an capall mórdtimcheall agus d'fhág sé rian chrú an chapaill ar an lic a bhí i mbéal an dorais, agus tá an rian san le feiscint go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Mícheál O Suilleabháin, feirmeóir, 95 bliana d'aois, Gleann na Mináirde, Liospóil
    'Sé a thug na scéalta so leanas

    "Is gnáthach le gach liontighe ainmhidhe nó éan éigin a mharbhú lá 'le Mártain agus is é seo an fáth. Bhí fear darbh ainm Mártan i bpriosún uair agus nuair a tháinig oidhche 'le Mártain thosnuig sé ag gol is ag béicig. D'fiafruig ceannaire an phriosúin de cad chuige an dalladh go léir. Dubhairt an priosúnach dá mbeadh sé sa bhaile go mharbóchadh sé rud éigin anocht in onóir Naomh Mártain fá mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.