School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 295
  3. XML “Comhrá na mBithiúnach”
  4. XML “Naomh Mártain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rug an buachaill aimsire an t-airgad agus an scríobhnóireacht go dtís na bitheamhnaig, agus léig duine acu é. Thánadar ansan in éinfeacht leis an mbuachaill aimsire, chuadar ar a nglúinibh i láthair an tsagairt agus níor chreadhadar aoinne as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ins an tsean aimsir bhíodh cartacha ag dul ó'n áit seo go Corcaig ag breith ualaighe leo agus ag tabhairt ualaighe abhaile. Bhí scata fear ó'n áit seo na suidhe cois teine i dtig lóisdín i gCorcaig oidhche, agus dubhairt duine díobh "dá mbeinnse ag' baile anocht do mharbhóchainn cearc nó gé nó ainmhidhe éigin in onóir Naomh Mártain."
    Ó ars'n fear eile, 'tá sé geallta agamsa faid a mhairfead fuil ainmhidhe éigin do dhortadh Oidhche 'le Mártain in onóir do Naomh Mártain.' An dtabharfaidh sibh mo chapall agus ualach abhaile amáireach ars' é sin, agus imtheochadsa chun bóthair láithreach, pé am a sroisfead mo thig. Ghealladar go dtabharfaidís agus as go bráth leis.
    Níor bhfada ar an mbóthar é nuair a tháinig marcach suas leis. D'fiafruig sé dhe cá raibh a thriall, Ó ars' an fear, dubhrathas liom ó chíanaibh i dtig lóisdín gurb' í anocht Oidhche 'le Mártan agus tá deabhadh abhaile anois orm
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.