School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 278
  3. XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal: Na Trí Cómhairlí

    Bhí fear taobh thiar de Dhaingean fadó. Seán Bácaeir a b'ainm do. Bhí sé pósta le bean darbh ainm Máire Ní Bhriain. Bhí beirt cloinne acu, Pádruig agus Tomás ab ainm dóibh. Bhíodar beo bocht agus ní raibh faic na ngrást le n-ithe acu. Lá áirithe dubhairt Seán le na mhnaoi go raghadh sé ag tuilleamh chun greimín éigin do sholáthar.
    "Téighir a ghrá gil agus beannacht Dé leat," ars'Máire.
    Níor bhuail aon obair le Seán go dtí gur shrois sé Árd Fhearta taobh thuaidh de Thráighlí. Bhuail feirmeóir anso leis agus d'iarr sé air cad a bhí uaidh. "Obair" arsa Seán. "Is maith mar a tharla" arsa Seán, "máighistir ag lorg buachalla agus buachaill ag lorg máighistire." Réidhtig sé leis an feadh bliana ar chúig puinnt déag. Nuair a bhí an bliain istig d'iarr sé a thuarasdal ar an bhfeirmeóir. "Ná dein" ars' an feirmeóir, "is tú an buachaill is fearr a bhuail riamh liom." "Tabhair bliain eile dhom agus dúblóchad do phágh dhuit. Nuair a bhí an bliain sin istig airís aige chuaidh sé ag lorg a thuarastail ar an máighistir. Dubhairt an máighistir leis fanamhaint ar feadh bliana eile agus go ndúblóchadh sé a phág dho airís. Do ghlac sé dúil san airgead. Nuair a bhí an triomhadh bliain tugtha aige dubhairt sé na cinneóthadh ór ná airgead é, go dteastuig uaidh a bhean agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish