School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 277
  3. XML “Seanphaidreacha”
  4. XML “Ag Coigilt na Tine roimh Dhul a Chodladh dhuit”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do mháthair naomhtha.
    Fr: Guidh orainn anois agus ar uair ár mbáis. Amen.
    Coróinn Rí an Domhnaig:-
    Abair ar an gcloich mhóir:-
    Míle fáilte romhat a Mhic na h-Óighe uaisle,
    A Rí na Glóire saor ó shuath sinn,
    Iosa fuair iodhbairt ar chrann na páise
    Go ndeighilidh tú ár n-anam ó'n bpeaca lá an ghábhtair.
    Ar na h-aon deichneabhhar des na clocha beaga, abair-
    "Míle fáilte rómhat a Rí an Domhnaig
    A Mhic na hÓighe Rí na Glóire,
    Iosa milis, Íosa ró mhilis,
    Iosa Mhic Mhuire, dein trócaire orainn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Artha: Agus tú ag coigilt na teine roimh dul a chodladh dhuit, abair:- "Coiglighim an teine seo fá mar coigligheadh Críost cách,
    Muire i dtóin an tighe agus 'gus Brighid 'na lár
    An dá aingeal déag is aoirde i gCathair béal na nGrást
    Fair an tighe seo agus a bhfuil ann go lá.
    Micheál Ó Cinnéide, Feirmeoir, 71 bl.
    Na Dúnta,
    Liospoil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    71
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry