School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 264
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dathu:
    Chun an plainnín bán do dhathú i gcóir chotaí na mban agus araile do bheirbhíghdis (i) preamhacha na sceach, (ii) an samhadh (sorrel) nó cúnlach áirithe a bhíodh ag fás ar chlochaibh (stuif bán). Bheirbhíghdís na h-éadaighe ins an uisce sin agus thugadh sé dath donn do'n eadach. Thógaidís amach an t-éadach agus chuiridís coprus nó logwood san uisce. Bheirbhíghdís na h-éadaighe airís ann agus nighidís go maith iad t'réis iad do thógaint amach. Bhíodh dath dubh ar an éadach ansan agus deirtear go gcoimeádfadh sé an dath gan feodhadh go deo.
    Do chuirtí an dathú ar an mbréid mar an gcéadna.
    Teadáin Ruaimnigh:
    Dheinídis téadáin fadó as maing nó earball capaill nó bó. Do thairringídís as a chéile gach ribe de agus leigidís é chun téadáin a dhéanamh de. D'fhágaidís i gcrúcán é go luighfeadh sé ar a chéile ar feadh seachtmhaine. Ansan do dhúblaighdís is do chasaidís é agus bhíodh téadáin ruaimnigh acu. Bhíodh ana stuif ar fad ins na téadáin sin agus do sheasuighdís ar feadh na mblianta. Deintear fo-cheann díobh fós san áit seo. Tá fear ar an Mináird Thiar , Tomás Ó Dúlaing agus usáideann sé ceann diobh fós chun ualach feamanaighe do cheangailt sa chairt.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    94
    Address
    Gleann na Mine Airde, Co. Kerry