School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 254
  3. XML “Leighiseanna - Galair ar Dhaoinibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Faithiní: (1) Nigh iad i gcúbhráin na bprátaí beirbhighthe.
    nó (2) Nigh iad in uisce cloiche gan iarraidh.
    nó (3) Cimil sugha an chaisreabháin leo.
    nó (4)cóirimh na faithní agus an oiread céadna cloch cuir i bpáipéir agus fág ag crosaire bhóthair iad. An chéad duine a bhuaileann a chos i gcoinnibh na gcloch seo geobhaidh sé na faithní.
    2. Fadharcáin(corns) Nigh do chosa i bpoll phortaigh nó sa tsáile.
    Neascóidí: 1. Cuir ceiridhe de ghallúnaig agus siuicre (meascaighthe) leis an neascóid chun an stuif do tharrac.
    2. Túm piosa aráin bháin(builín)in uisce bog agus buail leis an neascóid é nód'aon áit tinn go bhfuil braon ann.
    3. Aisiog : (a) Uisce na dtrí dteorainn d'ól, i.e. uisce a gheibhtear in áit go mbuaileann teorannta trí mbailtí le chéile. Tá a leithéid d'uisce sa pharóisde so. Buaileann talamh an Ghleanna, na hEaglaise agus na Mináirde Thiar le na chéile ar bruach abhann na Mináirde, agus deirtear go bhfuil an buadh réamhráidte ag uisce na h-abhann san áit sin.
    (b) Uisce na sáile agus an taoide ag líonadh d'ól.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish