School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 251
  3. XML “Baile Fearainn - Bánóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baile Fearainn: Bánóg.
    1: Lios na Cealamhnaighe:
    Ar thalamh Thomáis Uí Bhrosnacháin. Cosmhail leis na liosanna eile sa pharoide. Tá cloch mhór chearnógach 'na seasamh i lár an leasa. Tá poll i bhfhuirm póca ann agus deirtear go mbíodh uisce coisricighthe istig ann fadó. Deirtear go raibh fear dárbh ainm Cealamhnach 'na chómhnuidhe in aice an leasa. (Tá sean-uaghanna ann, agus is deallramhach gur uatha san a fuair sé an ainm). Fuair sé bás obann ach is amhlaidh a fuair sé "poc" ós na daoine maithe. Oidhche amháin bhí triúr fear ó'n mBánóg ag marbhú éanlaithe , agus díreach agus iad ag dul treasna an leasa chonnaiceadar bean gúna dearg, ingní fada ar a méireannaibh agus caipín adhairce uirthe. Bhí sí díreach chun iad a bhualadh le na slaitín draoidheachta nuair a tháinig an Cealamhnach agus do stop í.
    2: Tá lios eile ar an mBánóg ar thalamh Mhuiris Uí Mhuircheartaig--lios ana mhór. Tá uamhain nó bealaighe fá thalamh ag déanamh air ós na liosanna mór dtimcheall agus buailid le na chéile 'na lár. Tá leac mhór ag clúdach an phoill. Ní théidheann aoinne síos ann mar tá droch aer istig.
    3: Lios Pháirc Eoghain-- taobh thiar thuaidh de'n mBaile. Ar thalamh Sheáin Uí h-Ainiféin ó Oileán an Phucáin. Bhí a lán cloch sa chlaidhe mór dtimcheall an leasa, agus nuair a bhíodar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Location
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry
    Informant
    Seán Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry