School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 246
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Liosanna:
    Tá na liosanna so go léir i bParóisde na Mináirde, i gceanntar na scoile seo.
    Baile Fearainn--Na Dúnta: Baile beag é seo ar bhruach na fairrge ar an dtaobh thiar thuaidh de'n bparóisde.
    1:Lios an Cheóil: ar thalamh Thaidhg Uí Ghailleabháin.
    Cuma cruinn uirthe agus bóna (claidhe mór chré) mór dtimcheall uirthe. Deirtear go gcloistí ceól go minic sa tsean aimsir sa lios seo. Tá droch-cháil uirthe agus bíonn eagla ar dhaoinibh dul in aice an leasa ist oidhche fós.
    Tá seanduine, Mícheal Ó Cinnéide (feirmeóir) 'na chómhnuidhe sa bhaile agus chualaidh sé na scéalta so leanas ón a athair féin atá caillte le 30 bliain, mar gheall ar an lios.
    (a) Timcheall le céad bliain ó shoin do chuir feirmeóir uain óga isteach sa lios mar fear sanntach do b'eadh é agus ní chaillfeadh sé an méid sin féir. Do bhain sé na sceacha sa lios agus chuir sa bhearnáin iad chun ná tiocfadh na h-uain amach. Maidion lá'r na bháireach do thuit an lug ar an lag air nuair ná raibh na h-uain le fághail sa lios ná na sceacha sa bhearnain.
    An bliain na dhiaidh san do phrioc an tsainnt airís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry