School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 218
  3. XML (no title)
  4. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Cailleadh bean ar an Mináird fadó agus phós a fear arís.

    Cailleadh bean ar an Mináird fadó agus phós a fear airís. Ní ró mhaith a thaithn leis an leas mháthair leanbh a bheith sa tig roimpe - b'fhearr leithe go mór go gcaillfidhe í. Lá go raibh an leanbh ag sraothartaig ní déarfadh an leasmháthair "Dia's Muire linn." Nuair a dhein an leanbh an triomhadh sraoth do bhog croidhe na mná, agus dubhairt - "Dia leat is Muire a leinbh gan mháthair.". Le na linn sin do labhair bean anáirde ins na frathacha agus dubhairt sí gur mhaith an bhail uirre é mar go bhfaghadh sí féin liobar mara mbeadh go ndubhairt sí é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí beirt bhacach lá ar Ráiseanna Fionntrágha agus dheineadar margadh lena chéile go riarfaidís i dtráthnóna an méid a bheadh bailighthe acu i rith an lae. Amach ins an lá bhí duine ag déanamh níos fearr ná a chéile. Bhuail an tsainnt é, agus dubhairt sé leis an bhfear eile "Deineadh gach aoinne do féin as so amach." Do fhreagair an bacach eile-"Geallamhaint is cailleamhaint atá agatsa a Sheáin, agus is mairg a bheadh id'lúib. An té a bheidh beidh srathar na haindise air."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
      2. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    71
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry