School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 210
  3. XML “Scéal - Ceol na nDaoine Maithe”
  4. XML “Na Sióga ag Troid sa Lios”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. an mnaoi a bhí ag feadghail, agus cos mór reamhar ar an mnaoi a bhí ag rinnce.

    Na Sídheóga ag troid sa Lios.

    Bhí fear ar an dTobar (baile fearainn i bparóisde Liospóil) fadó agus ní chreidfeadh sé go raibh púcaí ins na liosanna. Chídhfeadh mórán daoine iad ach ní fheacaidh sé riamh iad agus ní thabharfadh sé aon ghéilleadh dhóibh. Aon oidhche amháin b'éigin do dul ag triall ar a chapall i lár na h-oidhche. Ní bhfuair sé é gur shrois sé an lios.Chualaidh sé na daoine ag cainnt agus ag aragóint le na chéile istig, agus d'fhan sé tamall ag éisteacht féachaint an aithneóchadh sé a gcainnt. Bhí sluagh mór ann idir fir is mná agus ní fhéadfadh sé focal do thuiscint uatha. Thosnuigheadar ag bualadh agus ag marbhú a chéile agus nuair a bhí dream díobh ró mhaith do'n dream eile do chromadar ar bheith ag caitheamh teine dhearg le na chéile. Tháinig crith cos is lámh air agus ní raibh sé de mhisneach aige dul fa dhéin a chapaill.
    Do chas sé chun dul abhaile ach leis an mearbhthall a bhí air is ag druideam i ngiorracht dóibh a bhí sé. Sa deire tháinig duine des na daoine maithe chuige ag tabhairt comhairle a leasa dho, agus dubhairt-- "Liúisis(?), liuisis (?), fill abhaile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Nic Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry