School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 206
  3. XML “Tíorántacht na dTiarnaí Talún”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ars' an Gaige, chun eagla a chur ar do chapall. Ropaire críochnuighthe a b'eadh an gaige. Má'seadh ar seisean, árdófar an cíos láithreach ar mhuinntir an bhaile, agus do h-árduigheadh.
    Bhí Riogh ann fadó agus bhí triur mac aige. Bhíodh giorrfhiadh bán ag gabháil thar béal dorais gach aon lá. Lá amháin dubhairt an mac ba shine go n-imtheochadh sé indiaidh an ghirrfiadhe féachaint an dtiocfadh leis é mharbhú le capall agus le gadhair. Bhí cú aige agus madralla agus madra gearra. D'imthig indiaidh an ghirrfhiaidhe agus níor tháinig suas leis go raibh an oidhche chíor dhubh aige. Chas sé chun teacht abhaile agus bhí an aistear anfhada air. Nuair a bhí sé tamall maith slighe abhaile chonnaic sé tigín roimis agus solus ann. Chuaidh sé isteach. Bhí sean-chailleach roimis istig agus d'iarr sé lóisdín uirre. Dubhairt sí go dtabharfadh sí lóisdín le fáilte do mhac an Riogh. Thug sí suipéar ansan do. "Tá eagla orm roimis na gadhair atá agat" ar sise nuair bhí an suipéar ithte. "Ní chuirfidh siad isteach ort in aon chor " ar seisean. "Ceangail iad" ar sise. "Níl aon téad agam" ar seisean. Tharraing sí ribe anuas d'á ceann. "Caith an ribe sin ortha" ar sise. Chaith, agus bhíodar ceangailte amhail is dá mba téadán a
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí Riogh ann fadó agus bhí triur mac aige. Bhíodh giorrfhiadh bán ag gabháil thar béal dorais gach aon lá. Lá amháin dubhairt an mac ba shine go n-imtheochadh sé indiaidh an ghirrfiadhe féachaint an dtiocfadh leis é mharbhú le capall agus le gadhair. Bhí cú aige agus madralla agus madra gearra. D'imthig indiaidh an ghirrfhiaidhe agus níor tháinig suas leis go raibh an oidhche chíor dhubh aige. Chas sé chun teacht abhaile agus bhí an aistear anfhada air. Nuair a bhí sé tamall maith slighe abhaile chonnaic sé tigín roimis agus solus ann. Chuaidh sé isteach. Bhí sean-chailleach roimis istig agus d'iarr sé lóisdín uirre. Dubhairt sí go dtabharfadh sí lóisdín le fáilte do mhac an Riogh. Thug sí suipéar ansan do. "Tá eagla orm roimis na gadhair atá agat" ar sise nuair bhí an suipéar ithte. "Ní chuirfidh siad isteach ort in aon chor " ar seisean. "Ceangail iad" ar sise. "Níl aon téad agam" ar seisean. Tharraing sí ribe anuas d'á ceann. "Caith an ribe sin ortha" ar sise. Chaith, agus bhíodar ceangailte amhail is dá mba téadán a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Gribhthín
    Gender
    Male
    Address
    An Fhothrach Mhór, Co. Kerry