School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 168
- XML “Talamh Iascaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhíodh an sgadán annsan i.e. nuair a bhíonn an béirneáil ann - ach ar barra.
Chuadhmair siar oidhche go Tráig an Cama ag iasgach sgadán. Bhí an comarta againn a bhfearr a bhí ag na sean-daoine riamh ar sgadáin i.e. sgadán ar fhaid an lín sa mogal iochtair - ní shéanfaidís go deó an dógh san. Ach ba bheag ar ár ndream-na fó-sgadán mar sin. Bhórdálmair na líonta agus d'imthigheamair ar a shon go raibh bád eile ag cur ann sar ar fhágamair agus cuala na dhiaidh san gur líon sí sin í féin leo. Ach is amhlaidh a bhí aig ár ndream-na go raibh Uibh Ráthach fé ghabáiste acu in áiteanna eile. Tomas 'ach Síthe an fear is mó mhairbh sgadáin ann. Ní déarfain go raibh aon fear eile a tiocfadh i ngiorracht do sa méid sgadán a mháirbh sé ann. Bhíodh sé i gcomhnuidhe i ndiaidh na sean-daoine agus é ag cur gach tuairisge i dtaobh tuairmí agus cómhartaithe na sean iasgairí.- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry