School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 165
- XML “Talamh Iascaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Banc eile; Tig na Sítheach i gCinnáird ar líne leis an gCnoicín Ruadh agus Lighthouse an Daingin osgailte.Chuir Seán Mhicil ós na Dúnta traimilí amach oidhche agus thóg sé cómhartha talmhan. Nuair a tainig sé abhaile d'fhiafruig a athair do cad iad na cómharthaithe talmhan a bhí aige "A leithéid seo," arsa Seán,"An Siorrach osgailte agus solus áirighthe ar an dtaobh thuaidh de'n bparróisde ar Chnoc Bhinn an Ghleanna." "Ach ars," an t-athair , "Cá bhfuighir an solus ar maidin?" Ní raibh an solus ann dar ndóigh ar maidin agus tar éis chuid maith den lá a thabhairt a gcuardach caitheadar fanamhaint gur tuit an oidhche agus gur lasadh a solus airís.
An faoisgeán = portán bog, an baidhte a b'fhearr i gcóir ballach. Caithtaí é cheangal go maith le maith le snáithín ar an ndubhán.
Iasgán an baidhte is fearr do'n ndeargán. Ní raibh aon iasgán thíos annso sa tsrúil tamall ó shoin ach bhíodh na h-iasgairí á dtabhairt leó i gcléibheanna ar an ndream ó Eitir Mhór a' Daingin agus d'fhágaidís annso thíos sa tsrúil iad go dteastuighidís uatha agus cad deirir nár phréamhuig agus nar chatharuigheadar ann. Tá an áit com lán díobh anois gur dóigh leat go rabhadar riamh ann. Agus Deirim-se leat gur tapaidh a dh'fhágfaidís comhartha -cluaise ar naomhóg dá ráinneócadh léi bualadh na gcoinnibh(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry