School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 157
  3. XML “Bád na Binne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bád na Binne
    Bhí duine uasal thall ar na Cealla agus b'fonn leis ná beadh aon bhád a bhuadhfadh ar a bhád féin i rás fé sheól. Bhí bád nótáltha aige féin agus mara dtugtaí aire dhi ní lá fós é. Bhí tigh tógtha os a cionn agus uisge na mara fúithe i gcómhnuidhe ar eagla go ndéanfadh an aimsir agus an spéir aon díoghbháil de agus chun ná crapfadh aon chuid de'n adhmad innte. Bhíodh fear i gcómhnuidhe gan aon ghnó ná cúram eile ach á glanadh agus á phéinteáil agus ag feuchaint 'na diaidh i slighe duit go raibh a éirim go léir ar an mbád eile. Lá dá raibh sluagh de bháid an Chalaithe tall ag iasgach tímcheall na h-áite ghluais sé chúcha ar nós an tseabhaic 'na bhád agus d'fhiafruig sé a raibh bád- na- binne 'na measg. Dubhradh leis ná raibh ach ba ró geárr go bhfeacathas ag teacht na radharc í. Siúd fé na déin é na bhád féin. Tháinig sé tímcheall le gaoith roimpi. Ní mór na tacaí a bhí déanta aige nuair a bhí sí chun na gaoithe aige. Ba ró geárr go raibh Bád-na Binne ag breith amach uaithe agus d'imthig sé uaithe ar fad agus suas imeasg na coda eile tamall maith roímpe.
    Thuas i mBaile 'n Búdhlaoraig a deineadh Bád-na-Binne agus Peaidí Shéamuis, Saor Dhún Sídhean a dhein í do mhuinntir na Binne Báine. Ach ní togfadh siad san í tar éis í dhéanamh dhóibh. Díoladh le muinntir Chlothair tiar í. Lá go raibh muinntir Chinnáird ag iasgach thiar ar leac a Chúmach bhuaileadar le muinntir Chlothair agus Bád-na -Binne acu. Bhí bád Chinnáird ró trom ach theastuig a leithéid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry