School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 152
  3. XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur thóg sé ar a costas féin dóibh coinnle gléigeal agus roinnt phíopaí."
    Bhíodar féin ró bhocht deallruigim cun an tóramh a chur ar a n-athair nó b'fhéidir go rabhadar ró-óg nuair a cailleadh é.
    [Agus cá raibh an dlighe? Nóan raibh aon leigheas in aon cor ar an sgéal? nó aon dlighe in aon cor sa tír?]
    Leigheas! Nár leighis Dia an sgéal go léir dóibh,gan an t-iasg a chur chúcha agus ba mhaith an leigheas á. Agus i dtaobh dlighe nar b'iad an dream gur leó na trálaérí lucht na dlighe sa Daingean. Agus dá mbeidís sin féin com macánta leis an sagart -rud ná rabhadar - cad é'n comhthrom fhéadfaí baint de dhaoine a dearbhóchadh cam is díreach mar dh'oirfeadh dóibh. Ná bíodh coimisinéirí anuas ó Bhleá Cliath sa Chúirt sa Daingean d'iarraig réidhteach a dhéanamh. Tháinig muinntir Abha -na-Scáil agus sagart parróiste na dteannta. Cuireadar gearán isteach go raibh trálaér Micil Long a sgriosadh. Dhearbhuigheadar go bhfeacadar an t-iasg aige á tabhairt ar bórd as an líon-trál agus go raibh oiread san sgéachtaint éisg ar bórd aige go raibh sé á shluaisteáil le sluasaid amach sa bhfairrge agus ná raibh aon breac le fágail ó Cheann Daimh go h-oileán Ínse dá bharr. Dhearbhuig Long go raibh sé an fhaid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry