School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 137
  3. XML “Feamnach mar Leasú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mór an brác' is an duagh a bheireadh ar dhaoine ag bailiú leasuighthe dos na prátaí agus seana leasú le cur amach sa gheimhreadh roim cur na bprátaí. Deireadh cuid acu gur b'fhearr go mór an leasú a bheith ar an dtalamh raithe roim ré. Bhíodh crúcaí feamnaighe acu. Bhíodh trí méireanna amach air agus sál siar uaidh agus poll sa tsáil chun na coise. Bhíodh fúnsa caol nó wire fíghte ar na méireanna mar bheadh mogail an lín chun ná geóbhadh an fheamnach siar tríd. Chaitheadh an té bheadh ar an gcrúca dul amach san uisge nfhaid is d'fhéadfadh sé seasamh agus bhíodh sé á tarrac isteach ar a dhícheall. Bhídís amuich leis na báid leis agus iad ag gearra na feamnaighe le sgeanaibh. Caitheadh duine bheith cruinn pras, praitniúil go maith chun an sgian d'oibriú. Bhíodh cos 16 nó 17 de throighthe ann agus seana speal aitin a bhíodh mar sgiain acu. B'fhuirist an fheamnach a gheara thíos ach níor b'fhuirist a ndéanfaí a gheara thíos a thabhairt ar bara. Bhíodh fear le currán ag faire ar í tógaint isteach sa bhád. Bhí fear raibh "An Tarbh" mar leas-ainm agus ní raibh sé in aon chor go maith chun í thabhairt leis aníos tar éis í gheara agus lá dá raibh sé i dteannta na bPádraigí, nuair a chonnaic seana Phádraig an loitiméireacht a bhí aige á dhéanamh dubhairt sé "An "Tarbh" ná damhasadh lá Earraig ná Geimhrig
    An "Tarbh" ná geárfadh feamnach na seasamh cam ná díreach"
    Bhíodh racaí leis ag daoine. Mise dhein an chéad raca annso Chonnac cuid acu thiar ar Thráig an Mhúraig. Ach má seadh ní oirfeadh na racaí ach ar trághanna áirighthe. Ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male