School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 132
  3. XML “Iascáin mar Leasú Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Iasgáin mar leasú phrátaí
    Bhíodh na h-iasgáin, atáid fós, ach ná bacann aoinne leó anois, na sgreathain dhubh ar na cairrgeacha atá fén mbarra taoide. Bhidís nochtaithe ar lag trágha. Bhíodh raimhne oireamhnach acu chúcha. An gabha a dheineadh na raimhne sin an seansa raimhne a bhíodh caithte le rómhar is obair. Leis an ramhainín iasgáin a deintaí na h-íasgáin do sgriosadh des na cairrgeacha ar an dtráig, is breágh mór na traganna a bhíodh ann san Earrach . Is amhlaidh a bhí na leacacha, na cairrgeacha marcáltha amach do mhuinntir an bhaile,an cairrgín ag duine, cuas an tSagairt ag duine eile.Cloch na bportán ag duine eile ,e. Bhí an galar céadna ar na gcladach thíos mar a bhfuil an fheamanach dubh, gan aoinne 'na cúram anois.Bhíodh fuadar fútha go léir ar an dtráig, iad ag sgriosadh na n-iasgán des na cairrgeacha, á mbailiú isteach i mbirdeóga,á líonadh as san isteach i gcléibheann. Bhíodh dhá cliabh ar a luighead ann, fear nó beirt na bhfeidhil san, ag á dtarrac ar a ndrom an fhaill suas fé bhrághaid na cairte. Aon áit go bhféadfadh an chairt teacht ar an dtráig is le cairt is capall a deintaí iad a tharrach ar barra, ach ní mó áit go mbeadh air ag an gcapall teacht, an chairt a tabhairt follamh ann néirim an t-ualach lán a tharrac as. Na fearaibh a bhíobh ag sgriosadh, á dtarrach ar bharra na haille, na mná, na leanbhaí-leanbhaí sgoile leis-a bhíodh á mbailiú, á líonadh isteach ins na cléibheanna bhíodh na leanbhaí sgoile ar an dtráig sar a dteighidís ar sgoil ar maidin, tar éis sgoile leis go minic, mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry