School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 120
  3. XML “Nathaireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhuail an pailitíneach (súpar) Williams agus an Súilleobhánach ó'n bhFeóthanaig le chéile ar an mbóthar lá. Ag tarrach cloch le cairt is capall a bhí an Pailitíneach agus an fear eile ag tarrach gainmhí a bhí sé. Bhíodar ana mór le chéile agus ana bhuanúil. Bhí ana mheas ag Williams ar a líofacht agus a dhisbhéalaidheacht. Níor leig sé aoinne riamh thairis gan "silence" a chur air. Ach an lá so ach go h-áirighthe, mar a mbuail an bheirt le chéile bhí a ndóthain slighe ar an mbóthar acu ach le neart buanaidheachta ar a chéile nár thairigíodar amach i ngiorracht dhá chéile an dá chapall. Bhuail an dá crann-iompair, nó axle, pleannc ar a chéile. "Dhóbair duit mé iompó" arsa Williams a'leamh-gháirighe. "B'fhéidir go dteastóchadh san uait" arsan Súilleobhánach agus ba mór an buadhadh do'n Eaglais tusa d'iompó." Croth an pailitíneach a cheann agus d'imtig sé gan smiug eile. Goin sé é. Nuair a chuaidh sé chun ceannsprice mar a raibh na fir oibre, "Seadh" ar seisean, "anois a fuaireas an clabhta is deine dá bhfuaireas riamh. D'inis sé don lucht oibre connus mar a bhí agus mar thárlaig. Chuaidh sé ar an gcroidhe ana mhór aige agus an meas a bhí aige air féin cun cainnte. Ach is amhlaidh a bhí gáiridhe aiges na fearaibh oibre fé. Níor mhór leó a bhfaigheadh sé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry