School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 115
- XML “Bogach an Ghearráin Bháin”
- XML “Dhá Árthach i gCuan Fionntrá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine acu ag fágaint an Daingin agus an fear eile ag dul in Daingin an lá san. I slighe is go raibh an ceart aig Muiris ach má seadh níor bhaoghal dóibh drib na móna.
- Ruith dhá árthach mhóra isteach i gCuan Fionn-Trágha ó dhroch aimsir agus bhí bád thar-barra ag iasgach tímcheall na háite.Chuaidh criú an bháid bhig ar bórd i gceann des na h-árthaighe. Bhí easpa lóin ortha chómh maith le droch huain is dócha. Tugadh gach cóir dóibh agus bhí captaen an árthaig á gceistiú agus nuair a bhraith sé gur thar barra iad cuir sé gach tuairisg ortha i dtaobh an bharra. Ráinig go mbíodh duine des na fearaibh na phíolóit ar bháid a théigheadh isteach thar barra. Bhí muillte móra an uair sin i mBaile an Mhuillin agus Stóranna móra i gCaisleán na Maingne agus ba minic árthaighe gráine ag gabháil tar barra suas ann. Ach thug sé gach cúntas go cruínn baileach do'n gcaptaen agus Sgríbh seisean síos é. Chiúnaig an uain beagán agus chuaidh na fearaibh tar-barra i dtír. B'fhéidir go raibh daoine muínnteardha díobh i bhFionn Trá'. Ach i gcionn eaga airís nár shéid an ghaoth aniar sa dtuaig agus bhí na h-árthaighe ag tarrach anncairí mar ana droch talamh anncaire iseadh cuan Fionn Trágha. Sgaoileadar na h-áthraighe roimh gaoith agus thugadar fé dul tar barra. Nár d'éirigh leis an gceann a thóg na(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male