School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 114
  3. XML “Steaimpí”
  4. XML “Bogach an Ghearráin Bháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhíodh na prátaí sgríobtha ar an mbórd. D'imthigheadh an chuid ba mhó de'n uisge as le fánaig an bhúird agus d'fhanadh an STAIRS ar an mbórd na dhiaidh. Ní beadh le déanamh agat ach é bhailiú isteach in árus agus é chur i leath-taoibh go dtí go dteastóchadh sé na diaidh san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sin é an ainm a bhíodh ar an bportach ó Bhun-an-Aoird go dtí Tig Higgens i mBaile 'n Fhaoítig. Ní fhéadfadh na lachain féin é shiúbhal bhí sé chómh fliuch san. Bhí féith bháighte ann agus deireadh Muiris Réadóir abhfad sar a raibh aon bhóthar ann ná aon chuimhneamh ar bhóthar a déanamh ann ach oiread ach dubhairt Muiris agus ní h-aon uair amháin é go mbuailfeadh dhá easbog, easbog Gaedhealach agus easbog Gallda le chéile i mBogach an Ghearáin. Nuair a bhíodh na sean daoine ag magadh fé Mhuiris agus iad ag smaoineamh ar an mbail a beadh ar an dá easbog agus iad go huscadaí sa féith agus sa dríb móna, deireadh Muiris gur dhá chóiste gan chapall gan cheann a bheadh acu. Is dócha gur minic a bhuaileadar um a chéile le blianta anuas ann. Ach óir ná raibh aon bóthar ann na aon teacht-tairis ní fhéadfadh na sean daoine é thuisgint. Is cuimhin liom féin gur bhuaileadar le chéile ann, is dóigh liom gur sa bliain 1909 é agus dhá ghluaisteán acu. Bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male