School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 112
  3. XML “Dathú Éadaigh”
  4. XML “An Dildeárn= Cearn, Bodhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duine éigin cipíní beaga tíos sa Tás, as loing nó áthrach éigin a bághadh is a briseadh is dócha a thángadar ann. Tugadh na buachaillí abhaile na cipíní agus deintaí iad do beirbhiú agus deinidís an dath ba dheise ar domhan - crón-dearg. Nár mór an íocaidheacht do'n té a fuair amach é nó a chuimhnig air ar dtúis. Ní raghadh aon nidh ó chuid acu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Dé chroicean caorach a deintaí é, nuair a bhídís tar éis é bhaint de'n gcaora - ceann a mairbhídís féin nó caora marbh a tagadh isteach le taoide. Chuireadh an tseana bhean annso aol isteach sa chroicean agus é filleadh suas annsan is an t-aol istig ann. Chuireadh sí i leath-taoibh annsan é go ceann ocht nó naoi de laetheannta. Bhíodh an olann bog air annsan agus dheineadh sí í statadh de'n gcroicean. Is minic a deindeadh an sean-duine é nighe annsan in uisge an éanartaig agus é chur ar fhúnsa adhmaid 'n fhaid is bhíodh sé bog. Bhí ceárd ar an gcroicean a chur ar an bhfúnsa san. Chaithtaí é chasadh tímcheall an fhúnsa agus é iompó suas las-tig de'n bhfúnsa agus a chiúis a chur idir an fúnsa agus an croicean féin. D'fháisgeadh sí é féin le linn dó bheith ag triomú. Is deas éadtrom an mheas a dheineadh sé chun coirce do cháthadh noó chun roiléití do choimeád do dhuine bheadh ag sníomh. Bhí sé go diail ach gan é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    71
    Address
    Baile an Ístínigh, Co. Kerry