School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 111
  3. XML “Dathú Éadaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dathú an tsamhaig agus préacha na sgeach
    Gheibheadh na mná cliabh de phréacha sgeach ó Sheana Dhiarmuid ar leath-cheathrú tobac. Ná bíodh an tobac ceannuighthe aige! Chuiridís corcán mór os cionn na teine agus líonaidís d'uisge é. Agus bheirbhídís préacha na sgeach ann. Thógaidís amach na préacha annsan agus chuiridís an plainín isteach ann agus thugaidís beirbhiú dhó - ar an mbeirbhiú sin a thugaidís an chéad locht agus thugadh san dath liath ghorm ar an éadach. In inead an t-éadach a chur síos ann is amhlaidh a dheineadh cuid acu an plainín a bheith i ndromhlaig agus an ruaim (=uisge na sgeach) do sgaoileadh anuas air as bhéal an chorcáin. Ruaim a tugtaí ar uisge na bpréamh beirbhithe. Bhíodh ruaim annsan acu a ceannuighídís sa Daingean.
    An bhód a thugaidís air sin agus cuirtí gráine do san i ruaim na sgeach a deintaí an plainín do bheirbhiú ann b'in é an tarna locht. Tógtaí aníos airís an téadach agus curtaí "pinch" copróis sa ruaim - oiread agus a chuirfá de shalan ar ubh - chun dath crón a bheith agat. Ach dá dteastóchadh dath dubh i gcómhair cótaí dubha na mban uait chuirfá leath-phúnt chopróis ag beirbhiú leis. Ach go gcaithfá bheith ana-aireach ar fad gan é fhágaint aon neómat fara na cheart sa chopróis mar bhrioscóch' san an t-éadach agus ní bheadh sé buan. 'Sé an tslighe chéadna a déintaí an dathú leis an samha. Deireadh cuid acu gur b'fhearr dathú antsamhaig mar go mbíodh paistí agus léasa i ndiaidh préacha na sgeach. Cuirtaí plainín leis i gcoirt na líonta - díreach mar cuirtear an choirt fés na líonta anois.- Bhíodh sé crón ar nós na líonta annsan ach ní bhíodh an dath san cómh deas in aonchor. Nár bhfuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. dyeing (~134)
    Language
    Irish
    Informant
    C. Bean Uí Caomhánaig
    Gender
    Female
    Informant
    S. Bean Uí Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female