School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 109
- XML “Mac Uí Luasa”
- XML “Cath Bhord Uí Dhuinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)O b'ana' liom gluaiseacht
Agus a laighead dioghbhala dheanfain
Dos na daoine uaisle.
Mi-bhuidheachas a bhi aige ar an Luasach. - Ní raibh aon chath riamh nar tháinig duine éigin saor as ach amháin Cath Bhord Uí Dhuínn, ó dheas i dtaobh éigin ó Uibh Ráthach go Cathair Chorcaighe. Is amhlaidh a tháinig ochtar bitheamhnach lá go raibh na fearaibh go léir ar an bhfairrge agus óir ná raibh aoinne chun cosg a chur leó chomáineadar leó na ba go léir 'na chreach rómpa
"Triúr is cúigear ó'n Scairth
fear agus seacht o Bhórd Uí Dhuínn"
Nuair a tháinig na fearaibh abhaile d'ínnseadh an sgéal dóibh agus connus mar a bhí. D'fhiafruigheadar an mó fear a bhí ann agus dubhradh leó ná raibh ach ochtar. Dubhradar san ná ragadh go deó na ndiaid ach ochtar - fear ar fhear. Ba dhial an muinghín a bhí acu asta féin. Ní foláir nó bhí na fearaibh tóghtha. Thánghadar suas leis an dream eile
"Ar ínse ghlas ar bhruach na Suínn"
agus buaileadh cath cómh diain gur mharbhuigheadar féin a chéile. Bhi an dé fanta in aon fhear amháin. Bhí sé ag gearán agus an oidhche ann nuair a ghaibh cailín óg an treó. Nuair a chualaidh sise an gearán truaghmhéileach d'fhiafruig sí "An(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry