School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 108
  3. XML “Mac Uí Luasa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear ó nDaingean a bhí ag dul go Tráighlí le seana-chapall chun é dhíol is dócha, dá bhfuigheadh sé aon amadán a cheannóchadh uaidh é. Bhí an dólá bainte aige féin as agus é in ndeire na feide. Agus nár cailleadh air é ar an mbóthar. Bhain sé an croicean do ar thaobh an bhóthair agus d'imthigh sé air go Tráighlí agus an croicean aige. Nuair a chuaidh sé isteach is amhlaidh a bhí na huaisle tar éis teacht amach as tigh na cúirte tar éis bheith ar an Jury. Bhíodar na seasamh ag cainnt aig cúinne na sráide. Nuair a chonnaic fear a Daingin iad agus an croicean aige chrom sé ar lógóireacht ag déanamh ortha.
    D'fhiafruig duine acu cad a bhain dho. Dubhairt seisean gurbh amhlaidh agus é ag teacht go Tráighlí gur léim a capaillín breágh cumasach le Droichead Ghleann Mhóir, gur marbhuigheadh ar a spota é agus dhá chomhraidhe sin féin b'shin é an croiceann, agus chrom sé airís go fada bog binn á chaoineadh.
    Bhí ana thruagh ag na daoine uaisle do agus chromadar láithreach ar bhailiú airgid do agus gheobhadh sé oiread is a cheannóchadh capaill maith dhó ach go raibh fear dár b'ainm Luasaí ó'n nDaingean na measg."Ara" arsa eisean é "ná creidíg an ropaire. Tá aithne mhaith agam-sa ar an gcladhaire sin agus ní fheaca riamh aige ach seana staigín de rud ná raibh iompar na seithe ann."
    D'iompuig an fear eile air agus a dubhairt
    "A Micí Luasa go gcaillir do luadar
    agus go deó deó nár ghaibhir aon fhuasgailt
    Nár leig liom don' chuaird seo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry