School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 107
  3. XML “Cois na hÍne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is fada síos mé cois na h-íne go súgach sámh
    Ag amharc ghrinn ar ainir bhínn-tais an úrla bháin
    Is gile a píp ná'n sneachta ar chraoibh ná'n drúcht ar bán
    Is ní coigcríoch mé ach buachaill groidhe mear a dhiúgfadh cáirt.
    'Sa ógánaig is ró bhreágh liom féin do ghruadh
    Do chúl fáineach dreidhsleánach atá síos is suas
    Do chrobh breágh ar do dheas láimh agus do chroidhe gan ghruaim
    Is go b'é mo dhíombádh tú d'fhágáil na tíorach uam.
    A bhláth na gcraobh ar dhath na gcaor is tú chráig mo chroidhe
    Is gur fear gan chéil d'iarrfadh spré le na shách de mhnaoí
    Is go b'é mo ghalar cléibh gan mé féin is an té chráig mo chroidhe
    I ngiorracht léige do thalamh éigin, nó ar drúcht 'nár suidhe.
    Tá ceann dualaisg ar mo bhuachaill is é casta n-aighe is n-árd
    Níl gruaim air ó'n sluasaid ná mairg ó'n 'ráin
    'S go b'é do cheann gruaige do dhein duail díom is bhris mo croidhe im'lár
    Is nách mór an truagh san fear dá lú liom is gan deimhin é fhághail.
    A chogar úd! Tair a chodladh liom-sa féin i ngleann
    mar a mbeidh fosta agat agus cead codlata argach taoibh de'n abhainn
    Beidh mil bhuidhe na sruthaibh síos ar géagaibh crann
    Agus an lún-dubh nár bhfochair-na is an chiarsach donn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean a' Bhreathnaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Fheothanach, Co. Kerry