School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 101
  3. XML “An Chéad Bhancaeir a Bhí sa Daingean”
  4. XML “Abha an Lóndraigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gluaiseann sruthán uisge as Loch Bheárna Gaoithe agus sgéitheann sé anuas tríd an bparróiste seo go mbaineann sé amach an Trá' Bheag annso thíos. Abha a Londraig a tugtar ar an sruthán san. Bhí an Lóndrach na chómhnuidhe mar a bhfuil an Fhotharach(Fotharach Mór) anois. Ní fheadar cad d'imigh air ach d'fhág sé an tigh mór ann gur thuit sé i i ngabhál-a-chéile agus sin é fé ndeara Fotharach-Mór do ghlaodach ar an mbaile sin riamh ó shoin. Is amhlaidh a bhíodh an Lóndrach so agus fear mór eile- ní fheadar anois cad é'n ainm a bhí air sin- agus an parróiste roinnte eatortha. Ach bhídís i gcomhnaidhe in araid le chéile i dtaobh na habhann. Cé'r leis í nó ciacu ba mhó cál cúiche b'shin í an cheist. Is mó uair a bhaineadar fuil-mhairt as a chéile ar na bóithre agus ar bhruach na h-abhann chómh maith mar gheall uirthe. Ach níorbh aon réidhteach ar an sgéal é sin. Fé dheire chuadar fé dhéin breithimh go ndéanfaidís an chúis do phléigh os a chómhair. D'éist an breitheamh an chúis agus dubhairt sé go réidhteócadh sé an cheist i gcionn ceithre uaire fichead. D'orduig sé dóibh araon dul abhaile agus maidean lá'r na mháireach an té go mbeadh an t-athrú ba mhó déanta ar an abhainn aige roimh éirighe na gréine ba leis ainmiú na h-abhann agus fé na riara a bheadh. Chuadar abhaile, bailigh duine acu mitheal mhór fear agus thug sé iarracht ar chaidhséar na h-abhann d'athrú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Abhainn an Lóndraigh, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Mac Gearailt
    Other names
    Tomás Mac Gearailt
    Tom Jimeen
    Gender
    Male
    Occupation
    Siúinéir
    Address
    Gaddagh Bridge, Co. Kerry