School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 096
- XML “Tomás an Éithigh”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí linn féin gur chómhartha dúinn dul go dtí'n t-Aifreann ná bheith 'nár gcuailí istig aice féin agus rud a chuir iongnadh orm féin bhí a mac féin na strapaire agus ní go dtí Aifreann ná paidreacha bhí sé i ngalar dul ach sall go Poll-a-Daimh ag feuchaint ar árthach trí gcrann a bhí ar anncaire ann. Bhí an seana-sáipéal i bhFionn Trá' an uair sin in ana droch órdú. Is amhlaidh a bhí ag na fuinneóga ann iad briste agus iad tógta le clocha suas i ngiorracht de bharra mar beadh strapa de chlaidhe agus bhí cuid de's na fearaibh amuich agus a gceann sáidhte isteach trís na fuinneóga acu nó an méid de'n bhfuinneoig a bhí osgailte le gaoith.Bhí iongnadh mo chroidhe orm féin nuair a chonnac gur b'é Fr Lawlor a' Daingin a bhí ag léigheamh Aifrinn ann mar cheapas gur daoine fiaine go léir a bhí ann is go rabhas i ndúthaig iasachta ar fad.
(no title)
“Crúdhtar bó an tsneachtaig”
Nuair dalltar bó an tseacha
Is measa go mór a théigheann an sioc do bha bainne ná an sneachta. Ní cailleann na ba an bainne sa tsneachta ach téigheann an bainne in adharcaibh na mbó sa tsioc.