School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 071
- XML “Siobhán na nGíleach”
- XML “Aistriú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nais í níor deineadh ach í chaitheamh thíos ar an dtráig mar ná ligfeadh an té gur leis an gort 'na raibh sí roimhe sin, ní leigfeadh sé thar claidhe isteach í. 'Sé deir daoine eile gurbh amhlaidh a bhí, nuair a d'árduig Chute leis í ná raibh sé a bhfad i dTráighlí aige mar maidean lá'r na Mháireach go raibh sé ar an dTráigh-Beag thíos airís agus gur b'iad na daoine matha (maithe) a thug leó airís í an oidhche sin.
Bhí sé cinn de bhailte sa Tarmain, Cinn-Áird-a'-Teampaill, Cinn-Áird- Iarrach, Tobar-na-Múdán, Fotharach-Mór, Áth-an-Charbaill agus Cam-a-Lóndraig agus nuair a bhíodh eagla an Chalara ar dhaoine bhíodh na bailte seo lán de dhaoinibh ag teiche ó'n ngalar. - Aistriú an Luain ó thuaidh
Aistriú na Máirte ó dheas
Aistriú an tSathairn siar
Sin trí rian na raibh riamh i gceart.Ar a shon nuair a dubhairt Fr Godley Aifreann do naomhóig Shéamuis 'ac Caoín a bhí thiar i mbun an Caladh dubhairt sé le Séamus i thógaint ó thuaidh annsan go dtí an gCuas mar a raibh iasg á thógaint. Dhein sé go hiongantach- an biaiste a b'fhearr a dhein sé riamh. Agus bhí iongnadh ar gach aoinne é d'aistriú ó thuaidh ar an Luan.- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male