School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 059
  3. XML “An Scúnar - Mary of Glenavy”
  4. XML “An Béal - Tráigh Chathail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a dhúbhaidh an oidhche air ach ní raibh aon tuairisg air nuair a gheal an mhaidean airís. Bhí sé ráidhte gur fhág naoi gcinn des na h-árthaighe an cala céadna bliain an droch-shaoghail le cuirneacht (cruithneacht) go h-Éirinn, níor shrois cala in Éirinn ach dhá cheann díobh ar fad. Cailleadh ceann eile na laetheannta céadna san ar Thráig Daraí san Oileán Thiar, ach shaothruig muinntir an Oileáin cuid mhaith de'n gcuirneacht. Ní srois an chuirneacht an Béal annso go ceann trí la, ní raibh ann ach cáth ar fad an uair sin tar éis na fairrge.
    Tá leac-an-árthaig aran dtaobh so den "Siorrach".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An béal: Tráig Chathail
    Ach bolthaí copair ar fad a bhí innte, bhíodh an peidléir ag ceannach na mboltaí san ar 4d an púnt. Gheibheadh sé féin dá thistiún an púnt ortha i dTráigh-lí. Ba mhór an chuid an uair sin 4d, agus bhí a dó nó a trí de phúint i gcuid des na boltaí úd. Thug an sean-duine a bhí annso - mo shean-athair - órdú gan aoinne sa tigh dul na ngoire ná aon nidh a thabhairt aiste. Ach nár tháinig an peidléir chuige toisg ná raibh aon airgead aige féin le tabhairt ar na bolthaí, dhéin sé marga lem' shean-athair go dtabharfadh sé leath an phroifid dó ach iascht an airgid a thabhairt do. Bhídís ag magadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male