School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé'n bhrí a bhí leis na deachaimhthe ná go gcaithfeadh na Sasanaigh (na Protastúnaig) an 10adh cuid de gach curadóireacht a dh'fhághail, sé sin an 10adh punann choirce agus an 10adh leabhaidh phrátaí agus an 10adh cuid de gach curadóireacht eile agus annsan níor ghádh dhóibh féin aon chur a dhéanamh ná a dhuag dh'fhágail faid a bhí na daoine ba bhoichte des na Gaedhil á dhéanamh dóibh. In inead aon churadóireacht a dhéanamh is amhlaidh a dheineadh na Sasanaig sin beithíg a chur ag reamharú na gcuid talmhan féin. Thagadh an ministir agus ann aoirí go leór fairis ag tómhas na ndeachaimhthe agus á mbailiú. Thabharfadh sé an chéad tseans do'n té gur leis an gort, ar an ndeachú do cheannach agus muna ndéanfadh san é thógaint bhíodh dream leanamhna ag an ministir a dheineadh é ceannach gan puínn tathant. Is minic ná bíodh an t-airgead oireamhnach ag na daoine chun an deachú do cheannach agus is minicí ná san ná bíodh oiread acu agus a cheannóchadh an deachú.
An ministir deirneach a bhí ag bailiú na ndeachaimhthe i bparróiste Chinn Áird do leath-mharbhuigheadh é agus cailleadh sé seachtmhaine nó cúpla mí na dhiaidh san é de dheasgaibh goirtiú a fuair sé an lá san, cé go raibh a bháillí agus a lucht leanamhna 'na theannta an lá san níor shaoradar é. An lá san is amhlaidh a bhí an parróiste go léir nách mór ag bailiú feamnaighe theas i bhFaill an tSrutháin agus nuair a thagadh duine mar thagadh go bara an Mháma d'fhágaidís a nualaighe annsan nuair a chídís an bailiú agus nuair chloisidís an gleó agus an geóin a bhí ar siúbhal sa bhaile agus ghluaisidís fé dhéin an chatha. Do chuir cuid des na fearaibh éadach ban ortha agus cuid des na mná éadach fear ortha chun ná h-aithneóchfaí iad. Nuair a bhíodar ag bailiú dubhairt bean éigin. "Feuch anoir(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry