School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 054
  3. XML “Na Toibreacha Beannaithe i gCinn Aird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fíonáin.

    (Photo - Tobar Fíonáin)

    Nuair a bheadh duine ann a bheadh ana bhreóidhte ar fad - nuair beadh an sgéal ana dhian go léir. Thabharfadh duine eile - cara nó gaol de'n duine breóidhte - de ghnáth - an turus tar cheann an duine bhreóidhte; tugtar é annsan roim éirighe na gréine ar maidin agus tugtar turus na dtrí tobar. Agus tugtar uisge na dtrí dtobar go dtí'n duine breóidhte le n-ól.
    Ní h-anamh leis nuair a bhíonn duine breóidhte nó nuair a bhíonn sí ag tnúth le grásta spicialta nó tabhartas ó Dhia go gcuireann sé an turus air féin, sé sin go ngeallann sé an turus do thabhairt na dhiaidh san.

    Nuair a bhí an "Fliú" mór ann (1918) ag treasgairt na ndaoine ar fuaid na dúthaighe tháinig muinntir na cómharsanachta le chéile agus chuireadar Cros nuadh os cionn Tobar Fíonáin agus leacht os cionn Tobar Muire. An t-Easbog atá anois againn bhí sé 'na chongantóir sagart sa Daingean le na linn agus tháinig sé agus bheannuig sé iad. Níor cailleadh leis an bhFliú aoinne lastig de Thearmain Fíonáin agus rud eile ní raibh an galar go h-olc in aon chor sa pharróiste ar a shon go raibh an mí-ádh air le milleadh ar na parróistí ar gach taobh.
    Samhain 1937. M'athair agus mo mháthair féín d'eachtraigh an méid seo tuas dom. Tá an beirt acu os cionn 70 blian d'aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish