School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 050
  3. XML “Na Toibreacha Beannaithe i gCinn Aird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Toibreacha beannuighthe i gCinn Áird.
    Bhíodh pátrún nótáltha i gCinn Áird uair. Bhíodh aifreann sa tseana sháipéal acu agus annsan dheinidís-an sagart agus an pobal-turus do thabhairt ó'n sáipéal go dtís na tobair bheannuighthe atá ag bun an chnuic leath mhíle éigin slighe siar ó dheas ó'n roilg.
    Thugaidís an turus tímcheall na dtobar agus thar nais go dtí'n sáipéal. Ach dar ndóigh ní raibh pátrún riamh gan sluagh mór daoine go mór-mhór sa tsaoghal úd agus bhíodh braonuigheacha dighe ag imtheacht imeasg an tsluaig-ara cad é sin agam á rádh ní braonuigheacha in aor chor a bhíodh ann ach soithighe,maidir le fuisgí. Ná bhíodh triúr á dhíol i dtig Dheairbí thuas. Duine sa chistin agus duine eile sa tseómra thíos agus á shíneadh amach tríd an bhfuinneóig agus amuich i dtigh na mba(mbó) a bhí an tríomadh fear a mbun na h-oibre. B'in é an braon maith agus é á dhíol ar sgilling a' piúnt. Agus ní gnáthach mór-chuid óil gan a annlan de chlampar agus d'achrann á leanamhaint. Sin mar a bhí agus mar a bheidh go deó is dócha. Do thárla lá pátrúin gur leig cuid des na daoine leó féin gur chuaidh an tól thar cailc acu ionus gur éirig bruigheann agus achrann ar ball agus goirtigheadh go maith cuid acu agus ní fheadar-sa anois nár cailleadh fear dá dheasgaibh. Muinntir an Tobair agus muinntir Dhroichead a' Teaidí thoir- ar an mbóthar in aice le Tigh Mhoriarty a bhíodar san na gcómhnuidhe-sin iad an dá dhream a dhéin an t-éirleach ar a chéile an lá san. Ach chuir an sagart parróiste
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish