School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 049
  3. XML “Trua mar Fhágas-sa Éire Riamh”
  4. XML “Ba Inide”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé cúis fé ndeara dhom féinig bheith ag fágaint na hÉireann riamh
    Mo dhriotháirín a d'imthigh go Wales uaim ná feaca leis an séimheadh bliain
    Do sgríobhas-sa fí shéala chun maise nó tuairisg uaidh
    Agus d'fhreagair sé mise go h-éasgamhail dul chuige féin anonn
    Do fuaireas cóir fairrge is gaoithe ó fhágas-sa puínnte an Chóibh
    Bhí tonnuíocha ag imirt dá dhruim siúd agus cnagadh na gcrann (nó ag cruínn) fé sheól
    Agus mise ag cur slán chun na tíre ná ficfead-sa go deó
    Is truagh(riamh)mar fagas-sa Éire is mar chuadhas go dtí Wales riamh fós
    Annsúd a gheibhinn fairsinge is féile agus Aifreann Dé á riar
    An sagart i seasamh san éil a'tabhairt teagasc ar bréithre ó Dhia
    . .. .. .. ........................................
    Óir scaipeamair féin ó na chéile mar sgaipfeadh fionn géanna i gcam
    Annsúd mar shileadh an braon dínn ag cur slán cun na hÉireann Fhionn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ba h-Inide nó Ba Inide:-
    nuair a bhíonn feirmeóir ag cuimhneamh ar bhean-mhic nó cliamhain a thabhairt isteach, bíonn a bhfad níos mó ba aige an bhliain sin ná mar ba chóir do'n bhfeirm. An té go mbíonn sgata mór ba aige bíonn súil aige le spré dá réir. Ach ní bíonn ionnta ach ba h-Inide.

    M. Grainbhéal
    Baile 'n Fhirtéaraig
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Informant
    M. Grainbhéal
    Address
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry