School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 047
  3. XML “Gleanntán Aoibhinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gleanntán Aoibhinn
    Ní h-ar an gcnoc is aoirde a bhíodh mo mhuinntir
    Ach i nGleanntán aoibhinn i bhfad ó láimh
    go labhrann chuach ann fí dho sa tsamhra
    go bhfuil órna buidhe ann agus cuirtneacht bán.
    Bíonn ba bíonn laoig ann, bíonn bric 'na slaoidibh
    San eala bhínn dheas ar loch ag snámh
    Bíonn ál na tímcheall i ló 'gus d'oidhche
    Agus beóir dá líonadh dom'mhúirnín bhán
    Cá bhfuil an féirín do gheallais féin dom
    Gúna craobhach de'n b'faisean nuadh
    Nó ribín réiltean ar dath na gréine
    'S mé im'mharcach aonmhar (nó aerach) ag gabháilt lem'rún.
    Ní hé do fuaireas ach botháinín fuar fliuch
    An ghaoth aduaidh ann 'san fuacht im'chrádh
    Mo chosa a' stiúrsa faoi mhaidí'n túrna
    faoi mhaidí 'n túrna 's an taoinnte im'láimh
    Mo ghrádh 's mo stóir tú cé'r liúm gur b'óg tú
    Gan céadta 'm phóca is go n-éaluighinn leat
    Trís na comhangair is na coillte clómhair
    'S mo lámh go módhmharach ar do bhrollach geal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Dubain
    Gender
    Female
    Address
    Arda Mór, Co. Kerry