School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 044
  3. XML “An Copeland Isle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Copeland Isle
    Bhí na Flathartaigh le húcaér sa tIarracht leis na litreacha. Cúigear de chriú a bhí sa h-úcaér. Chonnacadar árthach siar ó thuaidh ó'n d-tIarracht agus chuadar fé na déin. Chuaidh triúr de'n gcriú ar bórd an ártaigh agus an bheirt eile abhaile leis an húcaér.
    Dúbhradh leis an mbeirt sgéala thabhairt do Sheán Joe dul lom te go Luimneach fé na mbrághaid agus imtheacht chómh tapaidh agus d'fhéadfadh sé é. San am san ní raibh aon chóir ar imtheacht ó'n nDaingean ach an mhail-Car. Ní fágadh an mailcar an Daingean go dtí a haon a chlog sa lá. Do bhí an triúr ag déanamh a ndíchill Luimneach do bhaint amach. Ní raibh i nduine acu Tomás ach tSíthigh, ach nipper-garsúin agus ní lómhfadh d'fhear na stiúire a chos a chorruighe ó'n ár 'na raibh sé . Bhíodar ag déanamh isteach ar Bhéal Abha-na-Sionainne nuair d'éirig an ghaoth na gcoinne. Ní raibh le déanamh acu ach í sgaoileadh le gaoith. Siúd ó dheas í le chóir mhaith gaoithe fé dhéin an Oileáin tIarr agus anuas an Bealach. Greathalach mór aindeis a b'eadh í a bhíodh ag tógaint paisinséirí go 'Meiricá roimhe sin. Bhí lán an Bhealaig innte ag gabháilt adtuaidh. Thigadar iarracht ar Chuan Bhéal Innse do shroisint agus bhíodar geairid go leór do Bhéal an Chuain nuair cad deir leis an ngaoith nár aistrig na gcoinnibh airís agus an oidhche ann. Siúd le gaoith airís iad agus isteach imBéal Chuan a' Daingin. Nuair dh'éirig Muinntir an Daingin lá'r na mháireach ná raibh sé tirim glan anáirde ar eitir mhóir an Daingin. Bhí sí annsan ar feadh a bhfad go dtáinig taoide mór rabharta agus gaoth andeas is tugadh go Cé a' Daingin í agus cuireadh ar cheaint a raibh innte. Lódáil bhric a bhí innte
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish