School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 040
  3. XML “An Gréasaí Teanntaithe”
  4. XML “Comharthaí Aimsire”
  5. XML “Comharthaí Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus ritheadh sé isteach airís agus bhuaileadh sé hailicí dá cheann ar an gcairrg. Bhí an gréasaidhe faid gach n-fhaid istigh fé'n gcab agus an t-iocras agus an fuacht ag breith air. Ráinnig go raibh meanuithe na phóca aige agus nár cheangail sé do bharra a mhaide é le snáth-céarach a d'fhan na phóca. Prioc sé an tarbh cúpla uair leis ach ní suaimhneas a tháinig air.
    B'é crích an sgéil é gur phrioc sé an dá shúil as an dtarbh leis an meanuithe. Seáp dár thug sé amach chuaidh sé ádhbhar éigin as an slighe agus nár shleamhnuig sé ar lic a bhí ann. An Dia mé nár baineadh na cosa uaidh agus cuireadh ar fleasg a dhroma é - sa strampáil dó nár chuaidh sé le haill. B'in fuasgailt ag an ngréasaidhe bocht.
    Mícheál Ó Súilleabháin, Baile'n Aistínig, feirmeoir 70 bl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. A trí sa seacht ar theacht a' ré is an Déardaoin deirneach de'n tseann-ré. (Is gnáthach go leanann an aimsir dá réir)
    Ba mhór le máirnéalaig ré Shathairn a theacht uair sa seachtú bliain. Bhí an droch theist ró mhór uirthe. Ach i mbliana (1924) an bhliain is measa is dócha dár shéid riamh ó'n spéir, ré Shathairn dob'eadh ré Fhéile Pádraig, ré an Iúil agus ré fhéile Michíl. Tagann Féile Michíl seachtmhain roimh Aonach an Chláir an 4dh lá d'October.
    Pádraig Ó Súilleabháin 1924
    Is ionann ré agus eitir (sé sin go dtrághann an taoide de réir mar éirigheann an ghealach agus nuair a bhíonn sé go hárd sa spéir go mbíonn eitir(=banc gainmhe sa tráig)mhór nó tráig mhór ann (Idem
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Is ionann ré agus eitir (sé sin go dtrághann an taoide de réir mar éirigheann an ghealach agus nuair a bhíonn sé go hárd sa spéir go mbíonn eitir(=banc gainmhe sa tráig)mhór nó tráig mhór ann (Idem
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Ghribhthín
    Address
    An Fheothanach, Co. Kerry
    Informant
    Séamus Sheáin Jim
    Gender
    Male
    Age
    73
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    78