School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 038
  3. XML “An Gréasaí Teanntaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Greasaidhe Teanntaithe
    Lastuaidh de'n Struicín annso thuas tá gleann fada cumhang Cam-an-Áir, na bhfuil fiantas, lochanna dubha dorchada lán d'iasg agus siosarnach na gaoithe le clos imeasg na gcairrgeacha is i gcoinnibh na bhfailltreacha agus is minic macalla ag tóirthneacha á bhaint as na cnoic ar gach taobh, nó ceó trom deamhair ag éalú anuas go ciúin tapaidh. mo thruagh-sa aoinne go mbéarfadh an ceó air thíos sa Cham san agus is mó san duine gur beireadh amuich air lem'chuimhne féin, féin. N'fheadar-sa ach sé chloisinn aige Mac Fhionáin a bhí ar an mbaile seo, sa bhothán so thíos gur bhiadh Clanna Míleadh agus Tuatha De Dannan go raibh gráscar acu sa Cham fadó. Nuair a thánadar i dtír ar dtúis d'iarr na Tuatha ortha dul amach airís ar an bhfairrge go mbeithdísféinullamh chun catha is cómhraic. Nuair a bhíodar naoi n-ólaidhe ó'n gcladach cad deirir ná gur éirig ceó draoidheachta agus stoirm fairrge gur briseadh agus gur sgaipeadh mórán des na báid agus bághadh mór-chuid des na daoine.
    Nuair a thánadar i dtír airís ámhthach bhí an gubh craidhreac ortha agus leanadar de dhruim na gcnoc soir ar na Tuatha agus aige Traigh-lí i nGleann Scoithín buaileadh cath mór agus nuair ba the leis na Tuatha nár theich cuid acu de dhruim na gcnoc siar annso ach má seadh leanadh iad agus tánathach suas leis an mbannrioghain Mis ar cheann des na sléibhte in aice Thráigh-lí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an Ístínigh, Co. Kerry