School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 034
  3. XML “Túirín Rátha an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Túirín Rátha 'n Óir
    Bhí campa nó dún ag na Danair annso in aice an Daingin in aimsir Bhriain agus bhí mórán saidhbris bailighthe acu. Bhí 's acu go raibh an cogadh mór chúcha agus gan dabhat ar domhann is leó féin a bheadh an lá. Nuair a bhí na fir go léir ag dul fé dhéin an chatha bhaileaghadar an chreach go léir le chéile agus chuireadar i bhfolach fé thalamh é. Níor thugadar eolus ar an áit d' aoinne ach do aon tseanduine amháin. Nuair a bhí an cath mór i leath-taobh ní raibh aoinne ag teacht ná sgéala uatha. Ba chóir go mbeadh éan éigin ag treabhadh fé dhéin an bhaile - ach bhí breith acu air, dar leó. Diaidh ar ndiaidh bhí straethirí des na Gaedhil ag teacht ach níor shrois aoinne des na Danair an dún. Fé dheire do leath sgéala agus tuairisg an chatha. Ba throm an lá é agus b' fhuilteach an grásgar. Ní raibh fear ar luath ná ar lathaig de'n mhuinntir a dh'imthigh in chath. Nuair a bhí coimeádaí an óir (an seanduine) ag dul chun báis d'innis sé dhóibh go léir cá raibh an ciste "i gCam-an-Bhodhlaerig ag bun chrainn den sgeach-gheal, ar oileán beag idir an dá abhainn, is fuirist an t-ionad d'aimsiú," ar seisean, "mar chíofá an Trá' Bheag san iomláin ó'n áit. An leac atá anuas ar an gcuasnóig déanamh aprúin mná atá air agus tá lán d'aprún d'ór fúithe". Ach nuair a chuadar ag cuardach ná raibh caidhséar na habhann athruighthe agus ní oileán beag atá eatortha anois ach fearann agus níl aon chrann ag fás ann anois ach toir aitinn go flúirseach i.
    [Déarfadh duine eile nach i gCam an Bhúdlaerig atá an t-ór curtha ach ar phlásóg idir Abhainn na Gairbhtheanaighe ag Aba Bhaile na hAbhan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Brosnacháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Maor
    Address
    Com an Bhúlaeraigh, Co. Kerry