School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shéan sé ar an gcaptaen é. Má sea' ní mór an rath a bhí ortha na dhiaidh. Bhí an sean-duine féin lá, tamall maith na dhiaidh san , thiar sa Daingean agus bhí sluagh maith fear ann, ag fanacht le h-uain a bhíodar chun an cíos do dhíol agus bhíodar sínte ar an "nGrín" (Green = doirín) mar istigh i dtigh an Ghrín a bhíothas ag tógaint na cíosa. - lá breágh brothallach i lár an Meithimh a b'eadh é. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas ortha agus iad sínte ar an bhféar glas. Bhí an "Grín" na bhróin le nóiníní bána. "Nách mór an seó a bhfuil de neóiníní sa pháirc sin," arsa duine éigin imeasg na bhfear. "Feuch ar an bpáirc sin anois" ars' an Búdhlaorach. "Bhíos-sa tamall agus ba bheag agam sobhairn buidhe a chur anuas ar gach neóinín sa pháirc sin."
Cheannuig sé dhá fheirm ar an mBaile Beag do bheirt mhac ach ní fada fhanadar ann. D'imthigheadar go h-Aimiricé. An mac a bhí pósta ar an bhfeirm bhí sé ar aonach agus nuair a tháinig sé abhaile gan greim ná deoch a bhlaise. Striopáil an capall é nuair a shín sé ghearán sé agus níor mhair sé go maidin. Rugadh mac dá mhnaoi tar éis bás an athar. D'fhág sise agus phós sí airís. An mac eile bhí siopa aige agus ag teacht ó "Spórtd" ar ruthar chuir sé allus do. Chuaidh sé a chodla taréis an baile shroisint agus níor éirig. Seán, mac eile bhí ann, a phós sa bhfeirm annsan. Cailleadh a bhean go luath agus gan aon mhuirear ortha. D'imthig sé féin amach maidean cheóidh i mbliana a d'iarraidh na mbó agus ní feachthas é na dhiaidh san go bhfuairtheadh a chorp ar snámh lasmuich de Chlothar coighthigheas na dhiaidh san.- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry